Faoi WCJ Worldwide

Is i bPoblacht na hÉireann atá WCJ Worldwide lonnaithe, agus is fo-chomhlacht é de chuid WCJ Pilgrim, táirgtheoir agus dáilitheoir sreanga atá lonnaithe i Milwaukee sna Stáit Aontaithe.

Sé WCJ Pilgrim an comhlacht is mó i Meiriceá Thuaidh a bhíonn ag dáileadh sreang fuála, agus tá sé chun tosaigh sa domhan le sreanganna ar chaighdeán ard.

I dteannta a chéile, bíonn an dá chomhlacht seo ag easpórtáil sreang den chéad scoth ar chaighdeán ard ar fud an domhain, ó áraisí stórais i Meiriceá Thuaidh, i gCeanada, i Meicsiceo, san Eoraip, agus sa Mheán-Oirthear.Tá na sonraí le feiscint ar Mhapa Domhanda an Dáileacháin.

Stair

Thomas Briggs

Sé Thomas Briggs a tháinig suas leis an smaoineamh a bheith ag fuáil le sreanganna sa bhliain 1886, agus féadfaidh WCJ Worldwide a shinsearacht a ríomhadh siar go dtí an comhlacht go raibh Briggs ina uachtarán air, The Boston Wire Stitching Company (gur baisteadh Bostitch® ina dhiaidh sin air).

Chun na greamanna is airde caighdeán agus is mó leanúnachas a fháil, bhí a fhios ó thus go gcaithfeadh an t-oibritheoir ceart, an trealamh cóir, agus an sreang is oiriúnaí a bheith i dteannta a chéile agat. Anseo ag WCJ, tá fios agus tuiscint againn ar gach ceann de na trí eilimintí seo, ach sé an t-eolas agus an taithí leathan atá againn ar eilimintí an trealaimh agus an tsreanga a chabhróidh leat sa an chuid is fearr a bhaint as do ghnó féin.

Is ar an trealamh atá á úsáid agat agus ar luas is ar shórt na fuála atá á dhéanamh agat a bhunaíonn tú rogha do shórt sreanga. Ón uair go bhfuil eolas doimhin againn ar phróiséasanna agus ar fhadhbanna na fuála, agus go bhfuil réimse leathan de réitigh againn, táimid go maith ábalta comhairle iontaofa a thabhairt duit, mar aon le hearraí ar an gcaighdeán is airde.

Taithí ar fud an Domhain

Is féidir linn smaointí rathúla a thógaint ó chomhlachtaí nuálacha atá gafa i n obair cosúil le do chuid féin, agus cabhrú leat-sa na smaointí céanna a chur i bhfeidhm go háitiúil, chun feabhas a chur ar do chuid éifeachtúlachta agus ar chaighdeán na fuála agat, agus chun laghdú a dhéanamh ar na tréimhsí neamh-fhónaimh a chosnaíonn oiread airgid ort.

Lean sinn do na scéalta is déanaí

Litir nuachta






Chun teacht ar cheapanna fuála nó ar pháirteanna eile, tabhair cuairt orthu seo: